Illustration Sínitheoirí an Chúnaint

Is i gceantair uirbeacha a bhainfear nó a chaillfear an cath in aghaidh an athraithe aeráide. Is i gcathracha atá formhór an daonra Eorpaigh ag cur fúthú agus ag obair, agus ionann is 80% den fhuinneamh a úsáidtear san AE á chaitheamh acu. Agus iad ar an leibhéal rialtais is giorra do shaoránaigh, tá údaráis áitiúla sa riocht is fearr chun tabhairt faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an aeráid ar bhealach cuimsitheach. Tá níos mó cathracha ag freagairt an dúshláin, mar is léir ón méadú atá tagtha ar líon sínitheoirí Chúnant na Méaraí.

I measc na gcathracha is sínitheoirí, tá sráidbhailte beaga agus limistéir mhóra uirbeacha ar nós Londan nó Páras, beag beann ar a mhéid.

Baineann gealltanais Sínitheoirí an Chúnaint leis an gCreat um beartas aeráide agus fuinnimh de chuid an Aontais Eorpaigh Áirítear leis sin pacáiste um fhuinneamh agus athrú aeráide 2020 i gcás sínitheoirí a chláraigh idir 2008 agus 2015 agus Creat 2030 i gcomhair beartais aeráid agus fuinnimh, chomh maith le Straitéis an AE um oiriúnú don Athrú Aeráide do shínitheoirí a chláraíonn tar éis 2015.

Ó Mheán Fómhair 2015 ar aghaidh, tá gealltanas déanta ag sínitheoirí an Chúnaint cur chuige comhtháite a ghlacadh i leith maolú agus oiriúnú don athrú aeráide. Éilítear orthu Pleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana agus an Aeráid a fhorbairt d‘fhonn laghdú 40% a dhéanamh ar astuithe CO2 faoi 2030 agus athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide a fheabhsú le linn na chéad dhá bhliain tar éis dóibh an Cúnant a shíniú.

Tá liosta na gcathracha a bhfuil Cúnant na Méaraí sínithe acu ar fáil thíos.